An Comhshaol
Baineann iarmhairtí leis an scála a bhaineann le Clár Bóithre Náisiúnta an Phlean Forbartha Náisiúnta, mar aon leis an méadú atá tagtha ar na scéimeanna aonair bóithre nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis an gClár Oibríochtúil Iompair, 1994–1999. Baineann na hiarmhairtí seo leis an bpoitéinseal atá ag an gclár tionchar a bheith aige ar an gcomhshaol.
Is é an próiseas a bhaineann leis an Measúnú Tionchair ar an gComhshaol atá fós mar chreat cuí ina ndéantar ceisteanna comhshaoil a lánpháirtiú go héifeachtúil sa phróiseas déanamh cinntí. Tá a chuid treoirlínte bainistíochta tionscadal féin do bhóithre náisiúnta ag an Údarás, ina leagtar béim ar éifeacht ar an gcomhshaol a ainmniú agus a sheachaint sna staideanna tosaigh den phleanáil tionscadail agus dearadh sula dtarlaíonn dul chun cinn maidir leis na modhanna oibre reachtúla i bhforbairt an tionscadail.
