An tSeandálaíocht
Tá príomhról ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta fiosrúchán seandálaíochta agus réiteach suíomh agus réamhchéimeanna tochailte scéimeanna bóithre a mhaoiniú agus a bhainistiú.
I mí an Mheithimh, 2000, seoladh agus aontaíodh Cód Cleachtais idir an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán. Ba é aidhm an chóid sin creat oibre a sholáthar taobh istigh de reachtaíocht agus beartais reatha chun deis a thabhairt don Údarás um Bóithre Náisiúnta leanúint ar aghaidh lena chlár oibre le linn scála ama an Phlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006, ach san am céanna a bheith san airdeall faoi phrionsabail ar leith a bhí aontaithe ag an dá pháirtí.
Fostaíonn an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta beirt sheandálaithe agus maoiníonn siad 13 Seandálaí Tionscadal trí na húdaráis áitiúla. Is é ról seandálaithe an Údaráis um Bóithre Náisiúnta maoirseacht agus forbairt a dhéanamh ar chur chuige leanúnach ó thaobh sheirbhísí seandálaíochta de agus fiosrúchán/réiteach/foilseachán seandálaíochta a sholáthar. Is é ról na Seandálaithe Tionscadal gnéithe seandálaíochta de thionscadail na mbóithre náisiúnta a bhainistiú. Áirítear air sin na staideanna réamhphleanála de dhearadh bóithre chomh maith leis an bhfiosrúchan seandálaíochta ar an suíomh agus na céimeanna deiridh, an iarthochailt agus foilsiú na dtorthaí.
Is é príomhaidhm seandálaíochta aon tionscadal bóithre náisiúnta, fothracha seandálaíochta a bhfuiltear ar an eolas fúthu a sheachaint. Nuair nach féidir sin a dhéanamh tá sé riachtanach creat oibre sonrach dearaidh a chur le chéile chun réiteach a fháil ar na saincheisteanna seandálaíochta.
Maoiníonn an tÚdarás um Bóithre Náisúnta, trí na húdaráis áitiúla, costas gach uile chéim den obair sheandálaíochta. D’fhéadfadh an costas seo a bheith chomh hard leis na milliúin Euro gach bliain. Tá an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta tiomanta go hiomlán don taighde seandálaíochta cuí, don fhiosrúchán agus don réiteach atá bainteach leis na scéimeanna éagsúla bóithre náisiúnta. Tá dlúthchaidreamh déanta idir an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus Dúchas, An tSeirbhís Oidhreachta i ndáil le gach gné den tseandálaíocht.
