Bonneagar Cumarsáide Leictreonaí
An tAcht um Rialáil Cumarsáide, 2002, arna leasú
Úsáid na hAcmhainne Bóthair Faoi Thalamh ar Bhóithre Náisiúnta.
Faoin Acht um Rialáil Cumarsáide, 2002, arna leasú ag an Acht um Rialáil Cumarsáide (Seirbhísí Ardráta agus Bonneagar Cumarsáide Leictreonaí), 2010, ní mór d’oibreoirí gréasáin na cumarsáide leictreonaí comhthoil an Údaráis um Bóithre Náisiúnta a fháil sula mbaintear amach oibreacha bóthair a bhaineann le suiteáil agus cothabháil an bhonneagair chumarsáide leictreonaí i nduchtanna feadh bóithre náisiúnta. Sa bhreis air sin, soláthraíonn Acht 2010, inter alia, le haghaidh muirir á gcur chun feidhme ag an Údarás i leith úsáid na nduchtanna.
Cliceáil anseo don Acht um Rialáil Cumarsáide (Seirbhísí Ardráta agus Bonneagar Cumarsáide Leictreonaí), 2010.
Láithreacha na nDuchtanna.
Le blianta beaga anuas, tá an tÚdarás tar éis glacadh le cleachtas chun duchtáil cois bóthair a shuiteáil mar chuid den obair thógála a bhaineann le codanna nua de mhótarbhealaí agus de dhébhealaí ar an ngréasán (féach ar an léarscáil anseo thíos le do thoil). Cé go bhfuil an duchtáil beartaithe go príomha chun críocha reatha agus na todhchaí bainteach le bóithre, m.sh. soilsiú bealaí tráchta, comharthaí athraitheacha teachtaireachta, feidhmchláir TF le haghaidh bainistiú tráchta agus an ghréasáin bhóithre s.rl., níl ach acmhainn spártha theoranta i gcuid de na duchtanna seo a d’fhéadfaí a úsáid do chuspóirí eile nach mbaineann le bóithre cosúil le cáblú na cumarsáide leictreonaí.
Scéim
De réir alt 53(11) den Acht um Rialáil Cumarsáide, 2002, arna leasú, tá dréachtscéim curtha i gcrích ag an Údarás a leagann amach ár mbeartas molta maidir le húsáid na hacmhainne bóthair faoi thalamh, coinníollacha a d’fhéadfaí a fhorchur i leith deonú comhthola, diúltú comhthola, muirir agus oibreacha bóthair éigeandála. Tá tús curtha ag an Údarás le próiseas comhairliúcháin poiblí, mar a éilítear faoin Acht, agus féadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid ráiteas / tuairimí ar na beartais imlínithe sa dréachtscéim a chur faoi bhráid mar chuid den phróiseas seo. Is í an Aoine, 4 Meitheamh, 2010, an dáta deireanach le haghaidh aighneachtaí.
Cliceail anseo chun cóip de cháipéis na dréachtscéime a íoslódáil.
