Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí
Aithníonn Plean Forbartha an Rialtais, 2000–2006, go bhfuil Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí riachtanach chun cuidiú leis an infrastruchtúr, lena bhfuil géarghá, ó thaobh an ghréasán bóithre náisiúnta a thabhairt i gcrích.
Tá sprioc leagtha síos ag an Rialtas €1.27 billiún de mhaoiniú príobháideach a chinntiú do thionscadail a bhaineann leis an gComhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí ar bhóithre náisiúnta a sheasann do 23% den chlár infheistíochta bóithre ina iomláine. Léiríonn sé sin an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht phríobháideach a dhaingniú d’fhonn feidhmiú an chláir chaipitil phoiblí, a cuireadh i dtoll a chéile le heasnamh infrastruchtúrach na hÉireann a leigheas, a thabhairt chun cinn. D’uireasa an €1.27 billiún de mhaoiniú príobháideach bheadh clár bóithre 2000–2006 fágtha gan chríochnú den chuid is mó agus ní réiteofaí na heasnaimh, atá mar bhagairt ag forbairt réigiúnach agus fás geilleagrach, atá ann faoi láthair.
Tá scéimeanna Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí, a macasamhail súid atá á moladh in Éirinn, á n-úsáid go forleathan agus go rathúil ar fud an domhain chun infrastruchtúr bóithre d’ardchaighdeán a sholáthar. I gcroílár chur chuige na Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí tá an coincheap gur féidir luach do chuid airgid a fháil tríd an bhfiontar earnála príobháidí a úsáid tríd an réimse breisithe nuálaíochta agus tríd an riosca a leithroinnt ar an bpáirtí is fearr a bheidh ábalta é a bhainistiú. Agus ina theannta sin, brostóidh an maoiniú príobháideach cur i bhfeidhm an chláir chaipitil phoiblí, rud atá tábhachtach sa chomhthéacs náisiúnta.
Go dtí seo ainmníodh 11 scéim sa chlár feabhsúcháin bóithre náisiúnta i gcomhair forbartha mar thionscadail na Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí. Cuirfear an scéim i gcrích ar bhonn dearaidh/tógála/airgeadais/conarthaí oibre le tréimhse fhadthéarmach lamháltais (de 30 bliain ar a laghad). Le linn thréimhse an chonartha aisghabhfaidh an lamháltóir costais na tógála agus costais oibre trí dholaí a bhailiú, chomh maith le fóirdheontais phoiblí nuair is gá.
I mí an Mheithimh 1999, d’fhógair an Rialtas na scéimeanna bóithre náisiúnta seo a leanas mar thionscadail phíolótacha na Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí:
- Seachbhóthar Phort Láirge, chomh maith le droichead mór thar abhainn;
- Céim 2 de Chuarbhóthar Theas Luimnigh, agus
- Tógáil an dara droichead ar an Nasc-Thiar ar an M50 i mBaile Átha Cliath (Críochnaíodh cainteanna conarthaí DBFO sa bhliain 1999).
D’fhógair an tÚdarás ocht dtionscadal eile sa bhreis i mí an Mheithimh 2000. Tá luach measta iomlán de €1.5 billiún ag baint leo sin agus trí scéim phíolótacha na Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí agus meastar go dtarraingeoidh siad €890 milliún d’infheistíocht phríobháideach. Is céim mhór chun cinn iad na tionscadail i dtreo na sprice de €1.27 billiún, a áiritéar sa Phlean Forbartha Náisiúnta, d’airgeadas príobháideach don chlár bóithre náisiúnta.
Is léir ón bPlean Forbartha Náisiúnta gur san earnáil bhóithre atá tosaíocht na Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí. Ní mór don Údarás a chinntiú go mbeidh tionscadail na Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí curtha i bhfeidhm go rathúil, mar go bhfuil siad ríthábhachtach chun na spriocanna atá leagtha síos d’fheabhsúchán an ghréasáin bhóithre náisiúnta a chur i gcrích. D’uireasa críoch rathúil na Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí, bheadh an clár bóithre 2000–2006 fágtha den chuid is mó gan chríoch.
Le tuilleadh eolais ar an gComhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí feach ar an mbileog eolais ‘Going Places’.
