Cothabháil ar Bhóithre
Is í an phríomhaidhm ná a chinntiú go bhfuil an buiséad bliantúil cothabhála don Ghréasán Bóithre Náisiúnta leithroinnte ar bhealach cuspóireach agus ar bhealach lena mbaineann éifeachtacht chostais. Tá 2754 ciliméadar atá ainmnithe mar Phríomhbhóithre Náisiúnta agus 2681 ciliméadar mar Bhóithre Náisiúnta den dara grád san áireamh sa Ghréasán Bóithre Náisiúnta. Forbraíodh Bunachar sonraí na mBóithre Náisiúnta a stórálann faisnéis faoi gach gné den ghréasán.
