Faisnéis Aimsire ar Bhóithre
Tá gréasán de 52 stáisiún monatóireachta aimsire agus braiteoirí bóithre ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta ar na Bóithre Náisiúnta. Tá na stáisiúin seo mar chuid de Chóras Braite agus Fáistine Leac Oighir d’fhonn leac oighir a thuar agus a bhrath ar bhóithre náisiúnta le linn mhíonna an gheimhridh. Cuirtear an fhaisnéis mheitéareolaíochta ó na stáisiúin aimsire agus ó na braiteoirí bóithre ar aghaidh chuig Met Éireann trí cheangal díreach le móideim. Úsáidtear an t-eolas ansin chun réamhaisnéis a thabhairt ar shuímh leac oighir ar an ngréasán. Cuirtear an réamhaisnéis ar aghaidh, go huathoibríoch, chuig na húdaráis chuí áitiúla agus is uirlís thábhachtach bhainistíochta í chun cabhair a thabhairt do na húdaráis lena gcláir shaillte bóthair agus lena gcláir treafa sneachta.
Cuireann na leathanaigh gréasáin thíos an léamh a tógadh ó na braiteoirí bóithre seachas an réamhaisnéis ar fáil. Áirítear leis an bhfaisnéis a soláthraíodh Teocht Dromchla an Bhóthair, Aertheocht, Luas Gaoithe agus Bail an Bhóthair m.sh. an bhfuil leac oighir, sioc, sneachta, nó báisteach ar an mbóthar nó ar cóiríodh é.
Nuashonraítear na leathanaigh gréasáin go huathoibríoch ag 15 nóiméad tar éis na huaire chun an léamh is deireanaí ó na braiteoirí bóithre, a thógtar de ghnáth ar an uair, a thaispeáint.
Chun an t-eolas is deaireannaì a fheiceàil i bhfoirm tàbla Cliceail Anseo le do thoil. Tá an leathanach gréasáin seo ar fáil ar gach réiteach scáileáin.
