Iompar
Bhunaigh an tÚdarás Rannóg Iompair sa bhliain 2000 lena mbaineann sainchúram leathan chun forbairt agus monatóireacht a dhéanamh ar aidhmeanna iompair ábhartha go sainiúil don Údarás. Tá béim na bpríomhghníomhartha leagtha amach mar seo a leanas -
- Measúnú Geilleagrach – cúnamh a sholáthar d’údaráis áitiúla agus dul i gcainteanna le hinnealtóirí maidir le measúnú geilleagrach na dtionscadal bóithre.
- Bailiúchán Sonraí Tráchta agus Réamhaisnéis – bailiúchán, anailís, agus tuairisciú ar dhlús tráchta agus ar ghluaiseacht tráchta ar an ngréasán bóithre náisiúnta
- Córais Chiallmhara Taistil (CCT) – bainistiú tionscadail don dá thionscadal EuroRéigiúnach CCT INSTANT agus STREETWISE. Rannpháirtíocht san fhoghrúpa WERD/DERD ar Theileamaitic agus ag ceardlanna agus comhdhálacha na hEorpa.
- Staidéar Straitéiseach Iompair – bainistiú tionscadail ar staidéar straitéiseach agus tionscadail speisialta mar is gá.
