Ról an Údaráis um Bóithre Náisiúnta
Bunaíodh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta go foirmiúil mar chomhlacht reachtúil neamhspleách faoi Acht na mBóithre, 1993 a achtaíodh an 1 Eanáir 1994.
Is í príomhfheidhm an Údaráis, faoin Acht um Bóithre 1993, ná ‘soláthar líonra éifeachtach agus sábháilte de bhóithre náisiúnta a chinntiú.’ Chun na críche sin tá freagracht fhoriomlán air as pleanáil agus maoirseacht tógála agus as oibreacha cothabhála ar na bóithre sin.
