Taighde agus Sábháilteacht Bhóithre
Tá an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta tiomanta don dá aidhm seo: gréasán sábháilte agus éifeachtúil de Bhóithre Náisiúnta a sholáthar. Cuireann bóithre níos fearr agus díothú an phlódaithe tráchta le córas taistil níos éifeachtúla. Ina theannta seo, cuidíonn dearadh agus tógáil na scéimeanna nua bóithre a shroicheann caighdeán na gcleachtas is fearr le timpistí agus bás ar na bóithre a laghdú. Má chríochnaítear an 900 ciliméadar de mhótarbhealach agus débhealach atá beartaithe faoin mbliain 2007 de réir an Phlean Bóithre Náisiúnta tá an poitéinseal ann de réir an taifid sábháilteachta atá ag na mótarbhealaí agus ag na débhealaí, i gcomparáid leis na Bóithre Náisiúnta ag a bhfuil an dá lána bóthair atá in úsáid faoi láthair, laghdú de 50 bás a dhéanamh ar na bóithre in aghaidh na bliana.
Chomh maith le bóithre níos fearr a thógáil, tá clár leathan sábháilteachta bóithre ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta, tríd an Rannóg Sábháilteachta agus Taighde, atá dírithe i dtreo líon na dtimpistí a tharlaíonn ar an ngréasán Bóithre Náisiúnta a laghdú. Leagadh amach na spriocanna do laghdú timpistí thar na blianta 1998 go dtí 2002 i straitéis “Road to Safety” an Rialtais.
Ba é príomhsprioc na straitéise "Road to Safety" ná an líon daoine a mharaítear de bharr timpistí bóthair a laghdú 20% ó leibhéal 1997 (472) faoin mbliain 2002 agus laghdú den mhéid chéanna (20%) a bhaint amach maidir le líon na ngortuithe tromchúiseacha a tharlaíonn de bharr timpistí bóthair (2,182 i 1997). Baineadh amach na spriocanna sin.
Tá straitéis nua don tréimhse 2003-2005 á hullmhú faoi láthair ag Grúpa Ard-Leibhéil i leith Shábháilteacht Bóthair.
Is iad na páirtithe éagsúla atá rannpháirteach sa ghrúpa sin ná:
- An Roinn Iompair
- An Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil
- An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta
- An Garda Síochána
- An Chomhairle Sábháilteachta Náisiúnta
- An Biúró Míochaine um Shábháilteacht Bhóithre
- Údaráis Áitiúla
D’fhéadfaí obair na Rannóige Sábháilteachta Bóithre agus Taighde a mhíniú faoi na teidil seo a leanas:
Taifid Sábháilteachta Bóithre:
Tá freagracht ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta, faoi scáth an Roinn Iompair, taifid náisiúnta de na timpistí bóthair a chothabháil mar a thuairiscíonn Na Gardaí Síochána. Táirgíonnn agus foilsíonn an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta mionanailís bhliantúil de thimpistí bóthair taifeadta ar bhóithre na hÉireann.
Frithbheartais Innealtóireachta:
Tá príomhbhéim an chláir seo dírithe ar na suímh thimpistí a aithint ar ghréasán na mBóithre Náisiúnta agus ar chur i bhfeidhm fhrithbheartas innealtóireachta cuí chun iarracht a dhéanamh tuilleadh timpistí a sheachaint, nó líon na dtimpistí a laghdú ag na suímh sin.
Iniúchadh Sábháilteachta Bóithre:
Is éard atá i gceist le hiniúchadh sábháilteachta bóithre ná meastachán ar na scéimeanna nua bóithre le linn dearaidh agus tógála chun contúirtí poitéinsealacha a d’fhéadfadh cur isteach ar aon úsáideoir bóthair a aithint agus aontú a dhéanamh ar na beartais chuí chun deireadh a chur leis na contúirtí sin, nó chun laghdú a dhéanamh orthu.
Ceansú Tráchta:
Díríonn scéimeanna a bhaineann le ceansú tráchta atá maoinithe ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta, go sonrach ar thrácht a cheansú agus í ag dul trí bhailte móra agus trí shráidbhailte ar na Bóithre Náisiúnta agus laghdú a bheith ar líon na dtimpistí dá thairbhe sin.
Taighde:
Is ar an Rannóg Shábháilteachta Bóithre agus Taighde atá an fhreagracht maidir le taighde, le béim shonrach ar na gnéithe innealtóireachta a bhaineann le sábháilteacht bhóithre.
Foilseacháin Sábháilteachta Bóithre agus Taighde:
Foilsíonn an Rannóg Shábháilteachta Bóithre agus Taighde réimse leathan tuarascálacha.
