Uaireanta Oibríochta agus Minicíocht
Mionsonraí uaireanta oibríochta Luas, minicíocht agus meánamanna turais.
Mar seo a oibríonn Luas:
- Luan go hAoine 05:30 go 00:30
- Satharn 06:30 go 00:30
- Domhnach agus Laethanta Saoire Poiblí 07:00 to 23:00
Go hiondúil is í seirbhís an tSathairn a bhíonn ann ar Aoine an Chéasta agus Lá Fhéile Pádraig agus ní bhíonn aon seirbhís ann Lá Nollag.
Ritheann an tseirbhís ag eatraimh rialta, ó gach 3-4 nóiméad ag buaicphointí go 15 nóiméad déanach istoíche.
Meánamanna turais
- Ar an Líne Dhearg, is é meánam an turais ó Thamhlacht go dtí an tIosta agus ó Theach Sagard go Stáisiún Uí Chonghaile ná thart ar 50 nóiméad.
- Ar an Líne Ghlas, is é meánam an turais ó Ghleann Bhríde go Faiche Stiabhna ná thart ar 40 nóiméad.
Tá tuilleadh eolais ag suíomh gréasáin Luas